Píosa Fúmsa!


Is iad an cultúr agus an teanga an inspioráid atá taobh thiar de Seodra Beaga

Is mise Sadhbh, tá mé 25 bhlian d’aois agus is as Baile Átha Cliath 8 mé. Tógadh mé leis an nGaeilge ó bhí mé an-óg. D’fhreastail mé ar naíonra, bunscoil agus meánscoil lán-Ghaeilge, agus bhí an teanga timpeall orm i gcónaí.

Is í mo mham an phríomhchúis go bhfuil an oiread sin grá agam don Ghaeilge. Tá naíonra agus iarscoil lán-Ghaeilge aici agus tá sí an-ghníomhach in Áras na nGael áitiúil in Inse Chór. Mar sin, ní raibh an Ghaeilge riamh mar ábhar scoile amháin domsa — bhí sí mar chuid de mo theaghlach, mo phobal agus mo shaol laethúil.

Tá an Ghaeilge fós ina cuid ollmhór agus thábhachtach de mo shaol agus tá sí fréamhaithe go domhain i mo chéannacht. Oibrím san iarscoil le mo mham agus le mo chara is fearr, ar bhuail mé léi den chéad uair sa mheánscoil.

Thosaigh mé ag déanamh seodra le linn tréimhse dheacair i mo shaol. Fuair mé sólás agus cruthaitheacht ann, agus de réir a chéile, thit mé i ngrá leis. As sin a d’fhás Seodra Beaga.

Bhí sé nádúrtha dom an Ghaeilge agus an cultúr a thabhairt liom isteach sa ghnó. Tá siad le feiceáil in ainmneacha na bpíosaí, sna bailiúcháin, sa bhrandáil agus sa scéal taobh thiar den seodra.

Domsa, tá Seodra Beaga níos mó ná seodra amháin. Is bealach é chun mo ghrá don chruthaitheacht, don Ghaeilge agus dár gcultúr a thabhairt le chéile — agus chun iad a roinnt le daoine eile ar bhealach nua-aimseartha agus pearsanta.